Stair Bhéal an Átha
Is í Béal an Átha an baile is mó i Maigh Eo, agus 10,056 duine ina gcónaí ann (de réir dhaonáireamh 2006). Bhunaigh Tiarna Thír Amhlaidh an baile sa bhliain 1723, ach bhí daoine lonnaithe ar bhruach na Muaidhe i bhfad roimh an 18ú haois. 'Béal Átha an Fheadha' - nó Belleek i mBéarla – a tugadh ar an mbaile an tráth sin.Tá Béal an Átha suite i bparóiste Chill Mhór Mhuaidhe, atá ainmnithe i ndiaidh láthair mainistreach den ainm sin a bhíodh ann fadó. Tá fothracha na cille sin, mar aon le rian an imfhálaithe, fós le feiceál ag an Liag ar Bhóthar Chill Ala. Tá an baile féin suite ar chlár na Muaidhe, sáinnithe idir Sliabh Gabh taobh thoir de agus Néifinn taobh thiar de.
Thosaigh Béal an Átha amach mar chaladh beag agus baile margaidh suite ag béal na Muaidhe, ach tháinig borradh fúithi i ndiaidh dóibh an Ché a thógáil sa bhliain 1836. I measc na nithe a bhí á n-iompórtáil go Béal an Átha ag tús an 20ú haois bhí gual, stroighin, tarra, adhmad agus bia (tae, torthaí agus caife). Ba ghnó mór don chalafort é roimh aimsir an Dara Chogadh Domhanda beostoc a chur thar lear chun na Breataine. Is le haghaidh báid phléisiúir go príomha a úsáidtear an ché na laethanta seo.
Is iad an Ché, Bun Rí agus Ard na Ria na ceantracha is ársa de Bhéal an Átha, agus ba chuid de Chontae Shligigh iad go dtí gur cuireadh an tAcht Rialtais Áitiúil i bhfeidhm in 1898. Tógadh caisleán ar an láithreán céanna níos déanaí. Tá fothracha na Mainistreach Agaistíneach, a tógadh sa bhliain 1427, le feiceáil ar bhruach thoir na habhann in aice le hArdeaglais neoghotach Naomh Muiríoch. Ba mhór an t-achrann a tógadh i gceantar Ard na Ria le linn ghabhálacha na Sasanach sa 16ú agus 17ú haois, agus ba é Cath Ard na Ria an eachtra ba shuntasaí díobh sin ar fad.
Cath Ard na Ria: 23 Meán Fómhair 1586
D’éirigh muintir Mhic Philbín agus Bhúrca Mhaigh Eo amach in aghaidh riail anróiteach na Sasanach sa 16ú haois. Fuair siad cúnamh ó lonnaitheoirí Albanacha (saighdiúirí éadroma coise tuarastail as Albain) Tháinig gobharnóir Chonnacht, Sir Richard Bingham, timpeall an champa istoíche agus mharaigh sé tuairim is 2,000 duine, idir fhir, mhná agus pháistí. Chroch sé ceannairí na mBúrcach ina dhiaidh sin. Dáileadh tailte Mhic Philbín agus na mBúrcach ar lonnaitheoirí Sasanacha.
Bhunaigh Barún Ró-Onórach Thír Amhlaidh tionscal línéadaigh sa cheantar sa bhliain 1723. Mheall sé líon mór oibrithe a bhí oilte i gceird an lín agus an línéadaigh isteach sa bhaile mór. Níor mhair an mhonarcha níos mó tríocha bliain ámh. Fuair sé paitinn freisin chun aontaí a reáchtáil, rud a chur borradh faoi chúrsaí trádála sa bhaile mór. D’fheidhmigh Béal an Átha mar bhaile garastúin chomh maith ó lár an 18ú haois i leith, nuair a tógadh Dún Míleata agus ceathrúna foirne ann i 1740. Tógadh droichead Ham trasna na Muaidhe sa 19ú haois, agus chuir sé seo go mór le fás agus forbairt an bhaile mhóir ar an dá thaobh den abhainn.
Ba í 1798 bliain na bhFrancach. I ndiaidh dóibh teacht i dtír thug fórsaí an Ghinearáil Humbert aghaidh ar Bhéal an Átha trí Chill Chuimín, agus theith an garastún áitiúil – a bhí faoi stiúir an Choirnéil T. Chapman Uasal agus an Mhaoir Kier de lucht na gcairbíní – go Béal Easa.
Tógadh Teach na mBocht ann in 1835, agus tógadh an Teach Cúirte agus an Smachtlann le linn na 1840í. Osclaíodh an t-iarnród go Béal an Átha ar 8 Bealtaine 1873.
I ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann i 1922, d’athraigh Comhairle Ceantair Uirbigh Bhéal an Átha ainmneacha shráideanna an bhaile mhóir i gcuimhne ar na tírghráthóirí sin a fuair bás ar son chúis na Poblachta ó 1798 i leith. Athraíodh Sráid Knox, a bhí ainmnithe i ndiaidh tiarnaí talún, go Sráid an Phiarsaigh, athraíodh Sráid Gore go Sráid an Tiarna Éamann, Sráid Arran go Sráid Tón, Sráid an Rí go Sráid Uí Rathaile, agus Sráid Eoin go Sráid Mhic Asmaint.
Ar ais chuig an mbarr
