Méid an téacs: A A A | Léarscáil Láithreáin | English | Gaeilge

Ionad Ealaíon Bhéal an Átha

Ballina Arts Centre - restored 3 story stone building.

Reáchtálann Ionad Ealaíon Bhéal an Átha – atá suite ar Shráid an Bhairéadaigh i mBéal an Átha, ar bhruach na habhann iomráití sin an Mhuaidh – sraith imeachtaí ealaíon i rith na bliana a fhreastlaíonn ar dhaoine i ngach aon aoisghrúpa. Istigh i ngealairí na dtaispeántas cuirtear sraith thaispeántas amharcealaíon ar siúl, a bhíonn idir cheannródach agus dhásacht, ó ealaíontóirí a bhfuil cliú náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach acu. Bíonn gach taispeántas ar siúl ar feadh tuairim is mí amháin, agus bíonn saorchead isteach iontu. Mar chuid de chlár na n-imeachtaí a bhíonn ag Ionad Ealaíon Bhéal an Átha eagraítear imeachtaí ceoil, téatair, damhsa agus litríochta, mar aon le sraith cheardlann ina dtugtar faoi raidhse cineálacha éagsúla ealaíon agus imeachtaí do pháistí agus daoine fásta araon – ina gclúdaítear na hamharcealaíona, drámaíocht, damhsa agus scríbhneoireacht chruthaitheach ina measc.

Coinnigh súil ar na meáin chumarsáide áitiúil nó breathnaigh ar shuíomh idirlín Ionad Ealaíon Bhéal an Átha (sonraí thíos) i gcomhair eolais faoin gclár reatha.

Dé Luain - Dé hAoine: 10.00am - 5.00pm
Dé Sathairn: 10.00am - 3.00pm

Tuilleadh eolais:
Ionad Ealaíon Bhéal an Átha,
Sr. an Bhairéadaigh,
Béal an Átha,
Co. Mhaigh Eo.

+353 (0)96 73593
R-phost: ballinaartscentre@eircom.net

Suíomh Idirlín: www.ballinaartscentre.com