Ionad Fóntas Pobail
Uimhir Theileafóin: (096) 75959
Ionad Athchúrsála
Ionad Fóntas Pobail: Muiríniú & Athchúrsáil
Bí cinnte go dtagann tú 20 nóiméad sula ndúntar an t-ionad chun do dhóthain ama a thabhairt duit féin do chuid gnó a dhéanamh.
Uaireanta Oscailte Ionad Fóntas Pobail Dhoire an Iomaire: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dé Luain - Dé hAoine |
8.00 rn - 4.30 in | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dé Sathairn |
8.00 rn - 1.00 in | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uaireanta Oscailte Ionad Fóntas Pobail Ráth Ruaín: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dé Luain - Dé hAoine |
9.00 rn - 4.30 in | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
(Dúnta i gcomhair lóin 1.00 - 1.30 in) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dé Sathairn |
9.00 rn - 1.00 in | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ní ghlacann ionad líonta talún Ráth Ruaín le dramhaíl ó bhailitheoirí dramhaíola i láthair na huaire. Tá cead ag úsáideoirí teaghlaigh málaí dramhaíola a bhreith leo chuig na hionaid fóntais pobail.
Táillí Athchúrsála & Líonta Talún Táillí
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Céard is líonadh talún ann?
Leagan síos smachtaithe dramhaíola ar thalamh is ea líonadh talún. Is é an modh bainistíochta dramhaíola is lú fábhar, ach tá ról tábhachtach aige fós mar chuid den chóras náisiúnta bainistithe dramhaíola.
Is é an polasaí atá beartaithe ar bhonn náisiúnta laghdú mór a dhéanamh ar an úsáid a bhainimid as ionaid líonta talún, agus chuige sin tá spriocanna dúshlánacha leagtha síos maidir le dramhaíl in-bhithmhillte a dhiúscairt ar bhealaí eile seachas in ionaid líonta talún. Tá athruithe á ndéanamh ar na modhanna bainistíochta dramhaíola de bharr na gcuspóirí seo, agus is é an toradh a bheidh orthu ná go mbeidh laghdú mór sa mhéid dramhaíola a chuirfear in ionaid líonta talún gan réamhchóireáil de shaghas éigin a bheith déanta air. D’ainneoin na hiarrachtaí ar fad, ní mór glacadh leis go mbeidh ábhar ann i gcónaí nach féidir a athchúrsáil, agus is é líonadh talún an bealach is fearr - ó thaobh an chomhshaoil de agus ó thaobh costais de - chun an t-ábhar sin a chur de láimh.
Céard a tharlaíonn do dhramhaíl san ionad líonta talún?
Is gné de na dalaí a fhaighear in ionaid líonta talún ná easpa ocsaigine.Nuair a fhágtar dramhaíl bhith-mhillte in ionad líonta talún faoi na dálaí seo déanann baictéir dianscaoileadh air agus cruthaítear gás agus ceimicí intuaslagtha dá bharr. Meascann na ceimicí intuaslagtha seo le huisce sa dramhaíl - le huisce ón mbáisteach mar shampla – chun láisteáit líonta talún a chruthú. Ní mór d'oibreoirí ionaid líonta talún cleachtais déine bhainistíochta a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfeidhmíonn na hionaid ar an gcaighdeán is airde dá bhfuil ann.
Bainistiú ionaid líonta talún
Tá na hionaid líonta talún faoi cheadúnas ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), agus déantar cigireacht rialta orthu chun a chinntiú go gcloíonn a gcuid gníomhaíochtaí le coinníollacha an cheadúnais. Bíonn torthaí na n-iniúchtaí seo ar fáil don phobail ó cheanncheathrú an EPA.
Is iad na huimhreacha ceadúnais a bheidh ag teastáil (le húsáid ar shuíomh idirlín an EPA) ná:
Láncheadúnas Dhoire an Iomaire: W0021-2
Láncheadúnas Ráth Ruaín: W0067-2
Ionaid Líonta Talún i Maigh Eo
Tá dhá ionad líonta talún faoi stiúir Chomhairle Contae Mhaigh Eo: Doire an Iomaire, atá thart ar ocht míle amach ó Chaisleán an Bharraigh ar an mbóthar go Baile Uí Fhiacháin, agus Ráth Ruaín atá suite ar an R364, timpeall trí mhíle ó Bhéal an Átha ar an mbóthar go Cill Ala.
Ní hamháin go nglactar le gnáthdhramhaíl sna hionaid seo, ach freastlaíonn siad ar riachtanais athchúrsála agus diúscartha de gach sórt san ionad céanna. Bíonn ‘Ionad Fóntas Pobail’ le fáil ag gach ionad líonta talún, agus glactar le réimse leathan earraí anseo i gcomhair a athchúrsála.
Ionaid Fóntas Pobail
Tá na hIonaid Fóntas Pobail bainte leis na hionaid líonta talún ag Doire an Iomaire atá suite ar an mbóthar as Caisleán an Bharraigh go Baile Uí Fhiacháin, agus ag Ráth Ruaín atá ar Bhóthar Chill Ala, Béal an Átha.
Glactar le dramhaíl nach bhfuil in-athchúrsáilte isteach san ionad líonta talún. Is féidir earraí beaga a fhágáil ag na hionaid fóntas pobail i gcomhair athchúrsála agus gearrtar costas in aghaidh na feithicle a fhágann ann iad. Baineann táillí eile le veaineanna agus le carranna le leantóirí. Déan teagmháil leis na hionaid fóntas pobail féin chun na táillí reatha a fháil. Is éard atá sna hionaid fóntas pobail ná sraith scipí bruscair agus bhainc a bhfuil marcáilte go sonrach ionas gur féidir leat do chuid earraí in-athchúrsáilte a fhágáil iontu. Is féidir earraí guaiseacha a fhágáil ag na hionaid fóntas pobail chomh maith, leithéidí sean-olaí, péinteanna, cadhnraí agus vearnaisí. Tá an tseirbhís áirithe seo saor in aisce. Cuirtear na hearraí seo ar aghaidh ionas go ndéanfar iad a dhiúscairt ar bhealach sábháilte. Níl aon chostas ar earraí leictreacha a fhágáil ag na hionaid fóntas pobail ach oiread.
Fágáil earraí móra nach féidir a athchúrsáil san ionad líonta talún.
Ó am go chéile beidh rudaí móra agat le cur de láimh ach nach féidir athchúrsáil a dhéanamh orthu i láthair na huaire - seanchairpéid mar shampla. Má bheireann tú na hearraí seo leat chuig an ionad líonta talún, gearrfar táille €150 ort in aghaidh an tona meáchain, agus iarrfar ort an droichead meáite a úsáid. Gearrfar íostáille €20 ort as ucht an droichead meáite a úsáid, agus beidh oibreoir ann chun lámh chúnta a thabhairt duit é a úsáid.
Tochtanna
Déan teagmháil leis an ionad líonta talún féin, le do thoil, i gcomhair na dtáillí a ghearrtar ar leapacha agus ar thochtanna.
Boinn rotha:
Áirítear boinn rotha faoin táille athchúrsála €3.40 a ghearrtar ar chustaiméirí teaghlaigh. Gearrfar táille ar ualach mór
Fuílleach plástarchláir/gipsim
Gearrfar táille €113.50 in aghaidh an an tona meáchain, agus gearrfar íostáille €5.65 air.
Ullmhú na dramhaíola i gcomhair athchúrsála.
- Nigh gach coimeádán sula gcuirtear in araid/scipe athchúrsála é.
Cuimhnigh, chomh maith, claibíní, coirc, agus fáinní a bhaint de na coimeádáin ar fad. - Cuir na coimeadáin san araid cheart.
- Déan cinnte go bhfuil earraí leictreacha glan agus nach bhfuil aon rud fágtha iontu – nach bhfuil bia fágtha i gcuisneoir ná ola fágtha i ndomhainfhriochtóir mar shampla!
Liosta na n-earraí a nglactar leo sna hIonaid Fóntas Pobail
Gloine thrédhearcach/donn/ghlas - Bain claibíní agus coirc díobh. Cosc ar earraí potaireacht, Pyrex, gloiní óil agus fuinneoige, agus scátháin. |
Plástarchlár/Gipseam glan agus tirim. |
Cannaí Alúmanaim Óil, ar nós cannaí deochanna boga. |
Boinn rotha. Cosc ar fhonsaí rotha. |
Cannaí Cruach Bia ar nós cannaí de bhia madra. |
Polaistiréin - faigh ceann de na málaí speisialta lena aghaidh ó oifig fáiltithe na n-ionad talún. |
Éadaí, bróga agus teicstílí glana agus ath-inúsáidte. |
Fuílleach Olaí Mótair |
Buidéil Phlaisteacha leis an siombal PET/PETE greanta ar a mbun, buidéil deochanna boga, mar shampla |
Creimnigh Thí, ar nós oibreáin glanta tí mar shampla. |
Buidéil Phlaisteacha agus an siombal HDPE/PE greanta ar a mbun, buidéil seampú agus feabhasaitheora, mar shampla. |
Fuílleach Lotnaidicídí ar nós fiailnimhe. |
Páipéar tirim agus glan, idir nuachtáin agus irisí. |
Fuílleach Cógas - idir chógas do dhaoine agus d'ainmhithe. |
Cairtchlár tirim agus glan. |
Cadhnraí Cairr agus Teaghlaigh (Ní ghlactar ach le dhá chadhnra cairr ón teaghlach céanna in aghaidh na bliana) |
Gloine fuinneoige/scátháin/gloiní óil Miotal Fíoradhmad (cosc ar MDF) |
Earraí bána (Cuisneoirí srl.) agus earraí leictreacha eile ar nós teilifíseán Fuílleach Péinteanna |
Aerasóil |
Feadáin Fhluaraiseacha |
Ola Cócaireachta |
Sorcóirí Folmha Gáis |
Sonraí Teagmhála:
Chun a thuilleadh eolais a fháil ar na hionaid fóntas pobail agus ar na hionaid líonta talún, déan teagmháil le:
Ionad líonta talún Dhoire an Iomaire 098 41632 agus ionad líonta talún Ráth Ruaín 096 75959. Bíonn daoine ann i gcónaí chun cabhrú leat mura bhfuil tú cinnte faoin gcaoi a n-oibríonn na hionaid fóntas pobail.
Is aoibhinn le páistí lámh chúnta a thabhairt leis an athchúrsáil agus bíonn fáilte rompu chuig na hionaid seo, ach uaireanta bíonn go leor tráchta sna hionaid agus dá bhrí sin iarrtar go mbeidh páistí i bhfochair duine fásta an t-am ar fad.
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost: Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
