Méid an téacs: A A A | Léarscáil Láithreáin | English | Gaeilge

An Scéim um Chóiríocht ar Cíos

Cúlra na Scéime um Chóiríochta ar Chíos (SCC):

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag tabhairt scéim nua isteach, an Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC). Tá an scéim dírithe ar dhaoine atá ag fáil forlíonadh cíosa, ar feadh breis agus 18 mí go hiondúil, is a bhfuil riachtanais acu ar thithíocht fhadtéarmach.

Faoin scéim nua seo, déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo idirghabháil leis an tiarna talún/úinéir réadmhaoine/gníomhaire eastáit nó le gníomhaire ligin chun "conradh infhaighteachta" a chur ar fáil. Faoin chonradh seo tabharfaidh an Chomhairle ráthaíocht ar an íocaíocht cíosa míosúile ar son an tiónónta díreach chuig an tiarna talún ar feadh tréimhse an chonartha. Beidh idirgabháil idir an Chomhairle agus an tiarna talún maidir le téarmaí an chonartha, ach go ginearálta mairfidh sé ar feadh ceithre bliana nó níos mó. Íocfaidh an t-údarás áitiúil an cíos iomlán atá comhaontaithe ar an réadmhaoin. Ní bheidh ar an tiarna talún an cíos a bhailiú nó folúntas ar bith a líonadh thar tréimhse an tsocruithe. Baileoidh an Chomhairle an ranníocaíocht cíosa ón tionónta agus íocfaidh sí an cíos iomlán don tiarna talún fiú amháin má bhíonn an réadmhaoin folamh. Beidh sócmhainn luachmhar ag an tiarna talún mar go mbeidh íocaíocht cíosa ráthaithe SCC ag teacht chuige agus í íoctha go grod ag gníomhaireacht Stáit. Déanfar an íocaíocht go grod go míosúil roimh an dáta dlite.

Mairfidh an caidreamh tábhachtach "tiarna talún agus tionónta" idir úinéir na réadmhaoine agus an t-iarfhaighteoir den fhorlíonadh cíosa. Feidhmeoidh an Chomhairle mar bhróicéir nó mar ghníomhaire ar son an tionónta.

Coinnionn tiarnaí talún freagracht as árachas, gnáthchothabháil agus deisiúchán, agus dul i ngleic le hiompar aimhleasta.

Ó thaobh an tionónta de, cuirfidh an scéim seo cóiríocht bhreise ar cíos, í ar ardchaighdeán, ar fáil do dhaoine ag fáil forlíonadh cíosa agus cabhróidh sí leis na húdaráis áitiúla tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanas acu. Tabharfaidh an SCC urrús fadtéarmach tithíochta do thionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos, mar aon leis an deis bheith in ann teacht ar raon tacaíochtaí i dtithíocht.

Tá na tacaíochtaí ionchasacha le fáil ón scéim seo suntasach, mar go gcruthaíonn sí cumas níos fearr sna réimsí a leanas: luach níos fearr ar airgead, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus seachaint bearnaí nó forluí i sásamh riachtanais.

Nascanna Úsáideacha:

Aonad na Scéime um Chóiríocht ar Cíos


Oifigí Cathartha Chathair na Mart
Sráid Altamont
Cathair na Mart
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : Teil: Patsy McNulty ar (098) 50414; Gerri Joyce ar (098) 50446; Darragh McHugh ar (098) 504488
R-phost : Ríomhphost: ras@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9 r.n. - 1 i.n. agus 2 i.n. - 5 i.n.