Tithíocht Inacmhainne
Tá an Scéim Tithíochta Inacmhainne dírithe ar thógáil thithe úra i gceanair ina bhfuil bearna inacmhainneachta idir gnáthcheannaitheoirí tithe agus ceannaitheoirí ar ioncaim íseal. Cuirfear na tithe ar díol ar chostphraghas do cheannaitheoirí den chéad iarracht atá incháilithe don scéim, agus tairgítear iad ar lascaine shuntasach ó luach mhargaidh thithe dá macasamhail sa cheantar.
Má:
tá riachtanas tithíochta agat agus sa chás go sásaíonn d'ioncam an tástáil ioncam thíos,
nó
tá d'iarratas ar thithíocht ón údarás áitiúil ceadaithe ag an údarás áitiúil,
nó
más tionónta nó tionónta/ceannaitheoir tú ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don údarás áitiúíl,
nó
más tionónta tú i dteach atá curtha ar fáil ag comhlacht deonach faoin Scéim um Fhoirdheontais Chíosa ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don chomhlacht deonach.
Cén chaoi a fheidhmíonn an tástáil ioncaim?
Teaghlaigh ar ioncam amháin:
Méadaigh d'ioncam comhlán (roimh cháin) sa bhliain iomlán is déanaí faoi 2.5. Más é an toradh ar sin €79,395 nó níos lú, tá tú incháilithe.
Teaghlach le dhá ioncaim:
Méadaigh an t-ioncam comhlán is mó faoi 2.5 agus cuir le sin an t-ioncam comhlán eile, an ceann is lú. Má bhíonn an toradh ar seo níos lú ná €79,395, tá tú incháilithe.
Cén saghas tí a chuirfear ar fáil?
Caithfidh teach ar bith a chuirfear ar fáil faoin scéim seo na caighdeáin a chomhlíonadh, achar na n-urlár ina measc, chun go gcáileoidh an teach don deontas €3809 do thithe nua. Tá eolas faoin scéim seo, agus faoi sholáthar thithe in áiteanna áirithe le fáil ón údarás áitiúil.
An bhfuil cead agam mo theach inacmhainne a athdhíol?
Dá ndíolfaí teach ar bith atá ceannaithe faoin scéim seo laistigh de 10 mbliana, chaithfí an céatadán den phraghas díolta a tugadh faoi lascaine ag an údarás áitiúil a aisíoc don údarás áitiúil as an mbrabús a bheadh déanta. Déanfar laghdú 10% maidir le gach bliain iomlán tar éis an deichiú bliain, má bhíonn an té a cheannaigh an réadmhaoin ar dtús mar ghnáthchónaitheoir inti ar bhonn laethúil.
